The Dubliners - Roisin Dubh текст песни

Текст песни Roisin Dubh - The Dubliners



A Róisín bíodh brón ort fé′r éirigh dhuit:
na bráithre 'teacht thar sáile ′s iad ag triall ar muir,
Tiocfaidh do phárdún ón bPápa is ón Róimh anoir
'S spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.
Is fada an réim a léig léi ó inné 'dtí inniu,
Trasna sléibhte go ndeachas léi, sheolta ar muir;
An éirne is chaith ′léim í, gur mór é an sruth;
′S bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo Róisín Dubh.
Mhairbh mé, a bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit,
Is go bhfuil m'anam istigh i ngean ort ′s inné inniu;
D'fhág lag anbhfann i ngné is i gcruth-
feall orm is i gnean ort, a Róisín Dubh.
Shiúbhalfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghuirt,
Mar shúil go bhfaighinn rún uait páirt dem thoil.
A chraoibhín chumhra, gheallais domhsa go raibh grá agat dom
-′S gurab í fíor-scoth na Mumhan í, mo Róisín Dubh.
Beidh an Éirne 'na tuiltibh tréana is réabfar cnoic,
Beidh an fharraige ′na tonntaibh dearga is doirtfear fuil,
Beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith,
éigin sul a néagfaidh mo Róisín Dubh. [2]



Авторы: JOHN EDMUND SHEAHAN, RONALD JOSEPH DREW, BARNEY MCKENNA, ROBERT ANTHONY LYNCH, LUKE KELLY, CIARAN PADRAIG MAIRE BOURKE


The Dubliners - Ireland's Finest
Альбом Ireland's Finest




Внимание! Не стесняйтесь оставлять отзывы.