Iarla Ó Lionáird - Imeacht текст песни

Текст песни Imeacht - Iarla Ó Lionáird



Cíorann an bás an gleann gach bliain
Is tógann creach
Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann
Fán Sulán soir
Díríonn méar is buaileann buille
Is tógann leis óg is sean
Ceol is spórt is clisteacht céirde
Gaois is crois maith, cion is féile
Subháilcí na sean go mear sa chré leis.
coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic
San Ínse Mhór is alpach a theacht
Is na bPobal ag eascar glas
Fíon ′a ól de dhroim seasc
Is caoire bána an sliabh amach.
Áitreamh éan - cearca fraoigh is naoscaigh
Na daoine imithe ag imeacht 'na dtréan-shruth.
I gcliabhán na haigne
A′taithneamh fe ghrian na hóige
imeachtaí, eachtraí
A bhí, is beidh arís níos mó.
bainte na mona ar mhullach an Scrithin
Grian Aibreán ag árdú,
Meitheal fear 'na leinte geala
Bainc á nglanadh
Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas
Allas ar dhoinne 's ar dheirge a ngruadh
Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.
sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn
Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas
Is a scáileanna ′á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;
Geamhair ′na ghlas-muir de thonnta righne,
Is gréasán airgid ar ghormloch.
Trathnóntaí feanaideach' ag piocadh prataí
Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos′
Staisiún le hól, amhráin go maidean
Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.
Sin í an chreach a thógann an bás leis
An cnagaire sanntach ó dhoras is doras
h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh
Sa reilg stór i dtaisce 'gainn go léir.



Авторы: Iarla O'lionaird, Leo Abrahams, Graham Henderson, Oliver Coates


Iarla Ó Lionáird - Foxlight
Альбом Foxlight
дата релиза
26-09-2011




Внимание! Не стесняйтесь оставлять отзывы.