Clannad - An Toilean Ur Lyrics

Lyrics An Toilean Ur - Clannad



Rinne smaointiú i m′intinn
Is lean go cinnte
Go n-éalóinn ó mo mhuintir
Anonn chun 'Oileáin Úir
ag déanamh impí
Ar an Ard-Rí ′tá 's mo chionn-sa
Mo choinneáil ó gach tubaiste
Go gcríochnóinn mo shiúl
Shiúil fiche míle
'S níor casadh orm Críostaí
Capall, caora ag déanamh
Inghilt ar an fhéar
Coillte dlúth′ is gleanntáin
Agus búirtheach beithigh allta
Fir is mná gan tant orthu
A chasfá do mhéar
Tharla isteach i dteach
Is casadh orm daoine
D′fhiafraigh siad mo ainmse
Cén tír inar tógadh
Dúirt leo i mBéarla
Gur tógadh in Éirinn
Láimh le Loch Eirne
I gCoillidh Lios na Raoch
Bhí seanbhean insan chlúdaigh
Is stocaí ar a glúiní
D'éirigh go lúcháireach
Agus chraith liomsa lámh
"Sheacht mh′anam, fear mo thíre
Thar a bhfaca ariamh de dhaoine
Nár tógadh mise in Éirinn
I mBaile Lios Béal Áinetha"
Rinne smaointiú i m'intinn
Is lean go cinnte
Go bpillfinn ar ais go hÉirinn
An áit a sínfí faoin chlár
Mar a bhfaighfinn lucht mo chaointe
Is an t-aos óg atá lách aoibhinn
A chaithfeadh liomsa an oíche
Agus páirt mhór den



Writer(s): Traditional


Clannad - Clannad
Album Clannad




Attention! Feel free to leave feedback.