Iarla Ó Lionáird - An Buachaillín Ban Lyrics

Lyrics An Buachaillín Ban - Iarla Ó Lionáird



mo chroí-se go tláth lag
'S i lár mo chuid saothair
Tagann lán tocht im chléibhse
nár mhéin liom é
an díbirt i ndán dom
Ó bháin bheannaibh Éireann
Is fánach mo shaolsa
'S is déarach mo chás
Is cuimhin liom an tráth
Úd a ghrá ghil na n-ae istigh
Thugas grá searc is géilleadh
Dod chaomh roisc thar chách
A ghil na n-árann
Dob fhearr liom go n-éagfainn
I láthair mo ghaolta
Is mo bhuachaillín bán
críoch Inis Failbhe
Go lán fad' i ndaor bhroid
Go cráite 's go céasta
I ngéibhinn na namhad
an fíor nach foláir duit
Go brách bheith go déarach
A oileáinín bhig mhaorga
Na naomh is na mbard
Ó guímse go hard
Ar an Ard Athair Naofa
Chun ár agus léir-scrios
Do dhéanamh ar Sheán
Do dhíbir na táinte
Thar sáile 'na gcéandta
'S chuir fán orm féinig
Óm' bhuachaillín bán



Writer(s): Kieran Lynch, Iarla O'lionaird, Graham Henderson


Iarla Ó Lionáird - Invisible Fields
Album Invisible Fields
date of release
22-08-2005




Attention! Feel free to leave feedback.