Muireann Nic Amhlaoibh - An Spealadóir paroles de chanson

paroles de chanson An Spealadóir - Muireann Nic Amhlaoibh



Le meán an fhómhair chaitheamh dom
Ba mhór dubhach mo scéal
Go breoite, brónach, atuirseach
Gan sólás insa' tsaol
Mo pháircín féir gan gearradh uaim
De dheascaibh clainn an Bhreacluain
'Gus féar na gcomharsan treascartha
Á chíoradh le gréin
Chorus:
bhfaighinnse speal ó Shasana
'Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Néill
Do chuirfinn faobhar ar maidin suas
'Sheasódh ar feadh na seachtaine
Is bearrtha 'bheadh an t-acra
Le fáinne an lae
Do shmaoiníos féin im' aigne
San oíche trím' néal
Go raibh beirt fhear óga chalma
Do mhaíomh a bhfaobhar
Féna ndéin do ghaibh mo theachtaire
Chun mo pháircín féin do ghearradh dhom
'S is grámhar, fáilteach freagarthach
Do thánadar araon
(Chorus)
I gcóir is i bhfaobhar bhí speal acu
Le fáinne an lae
'S do luíodar siúd go slachtmhar glan
Is iad ag baint an fhéir
Seala beag don eadartha
'S a lán don gan caitheamh fós
Do bhí dóthain siúd di leagaithe
'S é bearrtha go cré
(Chorus 2x)



Writer(s): traditional


Muireann Nic Amhlaoibh - Daybreak: Fáinne an Lae
Album Daybreak: Fáinne an Lae
date de sortie
14-03-2006




Attention! N'hésitez pas à laisser des commentaires.