Karan Casey - Maidin Luan Chincíse текст песни

Текст песни Maidin Luan Chincíse - Karan Casey



Maidin Luan Chincíse labhar an síofra sa ngleann
Do bhailíodar na cága chun ábhacht a dheanamh ann
Do chruinníomar ina dtimpeall is do lasamar ár dtinte
Is do thógamar ceo draíochta go haoibheann ós a gceann
Is baile margaidh is cathair aoibhinn cheoil
Agus cúirt agus na Sasanaigh chun seasamh ann 'n ár gcomhar
Beir scéala cruinn abhaile uainn Domhnaigh go dtí an Aifreann
Gur chun sléibhe a chuireadh chun realta sinn 'n ár seasamh ins an gleo
Do tháinig aniar ó Chonnacht chughainn céad is mile laoch
An oiread céanna ó Ulaidh chughainn i bhfoirm cheart 'is i bhfaobhar
Suaimhneas lae níor tugadh dóibh gur bhuaileamar bualadh 'is fiche orthu
Mo léan mar sileadh fuil 'is coirp ár bhfear i ndeireadh lae
Beir scéala suas chun Mumhan uainn a run ghil 's a stór
Agus inis an scéal faoi chumha dhóibh go bhfuil an sciúirse 'nár gcomhar
Is leanbh fireann fionn geal agus ainnir mhilis mhúinte
Is ógfhear cliste lúfar san úir uainn ag feo
Mo léan ar an Mumhain nár éirigh nuair d'adhnamar an gleo
Faoi airm ghreanta ghreadhnmhar i bhfagairt acu 'nár gcomhar
D'fhágadar go tréith sinn is neart ár namhad 'nár dtimpeall
Ach grá mo chroí na Laighnigh b'iad d'adhain an tine leo
1



Авторы: Traditional


Karan Casey - Ships In the Forest
Альбом Ships In the Forest
дата релиза
08-04-2008




Внимание! Не стесняйтесь оставлять отзывы.