Clannad - Chuaigh Mé 'Na Rosann текст песни

Текст песни Chuaigh Mé 'Na Rosann - Clannad



Chuaigh ′na Rosann ar cuairt
Gur bhreathnaigh uaim an spéir
Is thart fa na h-oileain ó thuaidh
Mar eilit agus cu 'na diaidh
duirt gach duine fa′n chuan
Nuair a tharlaigh anuas fa'n chéidh
Nach maith a aithnim ar do ghruaim
Gur fear thu a bhfuil a' tóir ′do dhiaidh
Casadh dom a′ cailin deas óg
Ach ma casadh 'si a labhair go gar
Ma′s fear thu a bhain do mhnaoi óig
Cha mholaim rómhór do thrade (cheird)
Chonnaic fear ar thir mór
'S é ag siul gan bhróg inné
Is dóigh liom gur thusa ′n fear óg
'S go bhfuil ort an tóir ′do dhiaidh
D'fhreagair 'n ainnir dheas óg
Ghlac si go mór mo scéal
Stad de do mhagadh nios
ni duine den tseort sin
Ach suigh thus′ anall ′e mo chóir
Is bi thus' ar aon nós lion féin
rachaidh os coinne do shrón′
Amach go tir mór le léim
Thit muid i dtuirse 's i mbrón
Is d′fhiafraigh an óig-bhean diom
Ca bhfuigheas muid gloine le h-ól
A thógfas an brón d'ar gcroi?
Ta teach beag ar leath-taoibh an róid
Agus coinnionn i gcónai braon
Gabh thusa ′gus rappail an bord
'S ni dhiolfaidh do phócai aon phingin
Tharlaigh muid 'steach i dtoigh ′n óil
Agus b′fhaiteach go leor le sui
Ar eagla go dtiocfadh an tóir
Is go mbainfi an óig-bhean diom
Nuair a fuair muid gach ni mar ba chóir
Is mheas gur chóir duinn sui
duirt si: Bi thus' ag gabhail cheoil
′S ni dhiolfaidh do phócai aon phingin
Cha rabh mis' i bhfad ag gabhail cheoil
Gur chruinnigh go leor ′un toigh'
Achan fhear is a ghloine ′n a dhorn
Le comhmóradh a thabhairt don dis
Bhi biotailte fairsing go leor
A rabh beagan da ól sa tir
'S da dtarraingeoinn-se galun Ui Dhomhnaill
B'fhurast mo scór a dhiol
Nuair a lig muid duinn tuirse is brón
d′fhiafraigh an óigh-bhean diom
Ca mbionn tu ′do chónai sa la
Nuair nach gcoinnionn tu cró duit féin?
Bim-se seal 'dtoigh an óil
Cha deanaim-se lón don phingin
A′ meid udaidh a shaothraim sa la
A chathamh le spórt san oich'
Ma′s fear thu a leanas don ól
Cha mholaim rómhór do thrade
chan iarrfainn ar dhuine de do sheort-sa
Toiseacht le buaidhreadh an tsaoil
Is fearr duinn fanacht go fóill
Go ndeanaidh muid lón don phingin
Is go rabh againn an t-ór
Is cuidiu d'ar gcóir arist
Le fanacht go ndeanaidh muid lón
Caithfear cuid mhór d′ar saol
Is fearr duinn toiseacht go h-óg
'S beidh cuidiu d'ar gcóir arist
Do leithéid char casadh go fóill
Dom i mbealach na i ród ′mo thriall
′S da mbeinn-se i mBéal-an-Átha Mór
Gheobhainn cailini óg' ar phingin



Авторы: MAIRE NI BHRAONAIN, CIARAN O BRAONAIN, POL O BRAONAIN, PADRAIG O DUGAIN, NOEL O DUGAIN


Clannad - Clannad 2
Альбом Clannad 2
дата релиза
05-03-2010




Внимание! Не стесняйтесь оставлять отзывы.